Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Daoine ag imeacht ag 14 bliana déag, bhíodh an bhean fágtha sa bhaile agus achan duine eile ar shiúl na Lagáin nó go hAlbain ag obair. | 00:00:39 | |
Imeacht go hAlbain, d'imigh sé an la i ndiaidh an tragóid ar an Tra Bhán, Baile Mhanúis i Mullach Dubh in 1943. Bhí moll daoine muinteartha sa tragóid a bhí ag gabháil ag damhsa trasna an uisce i gcurach. Bhí sé ag feirmeoireacht thall in Albain. Ag obair le Micí Charlie Bhrianaí.Cur síos ar an chineál lóistín agus an pá a bhí acu. | 00:06:37 | |
Cur síos ar na blianta caite thall in Albain, ag bogadh go Glaschú, Edinburgh agus Perth.Na daoine a bhí sé ag stopadh leo, Molly Gibson agus ag obair do, Dinny Dhonnachaidh Óig. Bhí muintir Bhun an Leaca ansin. D'oibrigh se i nGlaschú ar Oibreacha Poiblí, scéim tithíocht. Bhí sé ag obair sna tolláin fosta, bhí léir as Gaoth Dobhair anseo. Chaith Dan trí scór blianta in Albain ag obair ar fheirmeoireacht agus tógáil. | 00:06:46 | |
An Ghaeilge & deacrachtaí, ní raibh béarla aige agus é ag imeacht go hAlbain, bhí sé doiligh thall le Gaeilge amháin. | 00:00:57 | |